1escape
Is fearr an tsláinte ná na táinte. Ag 1escape spreagaimid daoine chun a n-aidhmeanna a bhaint amach trí mhodhanna múinte, cláracha agus fealsúnachtaí. Deinimid gach iarracht seirbhís phearsanta a chur ar fáil ar ard-chaighdeán ionas gur féidir le duine a spriocanna pearsanta a shroicint agus taithí a fháil ar an "éalú" is fearr beo.
Oibreoimid amach plean i dteannta a chéile a chinnteoidh go sroicfidh tú ceann scríbe. Níl le déanamh agat ach teangmháil a dhéanamh linn inniu agus stiúróimid tú céim ar chéim. Muna bhfuil turas tugtha agat orainn in 1escape cheana, fáiltímid romhat chun na háiseanna atá againn a thaispeáint duit agus ár roghanna ballraíochta a phlé go mion leat. Comhlíon an cheistneoir atá faoi iamh nó cliceáil thíos más mian leat glaoch a fháil ar ais nó turas a thabhairt ar an gclub. Cuir glaoch ar 01 4850700 más fearr leat agus freagróimid aon cheist atá agat.
Buntáistí ballraíochta
- Ní gá conradh 12 mí
- Rogha staonadh
- Breis ranganna stiúdió
- Hydrorider - rothaíocht uisce ag 1escape amháin
- Escape into shape - clár seangaithe 6 seachtaine
- Cláracha nuashonraithe gach 4 seachtaine
- Cárta den chlár atá fuirist le leanúint
Mar áis duit tá eolas thíosluaite ar na ceisteanna is mó a cuirtear:
FAQ
1. An féidir liom turas a thabhairt ar an giom roimh dom 'bheith im' bhall?
Is club príobháideach do bhaill amháin é 1escape ach má dheineann tú coinne linn is féidir linn triail a eagrú duit. Molaimid teangmháil a dhéanamh lenár mbaill chun an club is mó éilimh i lár Bhaile átha Cliath a fhiosrú.
2. Cad 'tá san áireamh sa táille ballraíochta?
Tá lán-usáid ár n-áiseanna uilig chomh maith le beagnach 40 rang sa tseachtain san áireamh. Ar chlárú dóibh, molaimid go mbeadh a gclár pearsanta fhéin ag gach ball deartha ag duine d'ár dtraenálaithe. Tá an clár seo agus gach clár leantach bainteach le do bhallraíocht.
Tá traenáil phearsanta, cúrsaí speisialaithe (m.sh ceachtanna snámha), tuáillí agus earraí miondíola ar fáil ar tháille breise ar taispeáint ag fáiltiú an chlub.
3. Conas is féidir íoc as bhallraíocht sa giom?
Tá rogha idir iocaíocht tús-bliana nó dochar díreach míosúil.
4. Conas is féidir costas an giom a oibriú amach?
Tá sé an-simplí. Roinn costas na míosa ar an méid turasanna atá i gceist agat a thabhairt ar an giom gach seachtain. Ní bhaineann aon chostaisí diúltacha le sláinte agus corpacmhainne do shaoil. Ná dearmad na buntáistí go léir a bhaineann le ballraíocht a thógaint san áireamh. Is fútsa atá luach do bhallraíochta, is fúinne atá do shástacht.
5. Cé'n fhaid a leanann an conradh?
Ní iarrann 1escape ort conradh 12 mí a shíniú ar nós clubanna eile.Tugaimid deis duit fógra 3 mhí a thabhairt chun é a chur ar ceal. Tugann an solúbthacht seo deis duitse do bhallraíocht a eagrú timpeall ar do shaol agus ceadaíonn sé dúinne plúchadh ballraíochta a sheachaint.
Tuigimíd áfach nach féidir fógra 3 mhí a thabhairt i gcónaí. I gcásanna ar nós easláinte/iomarcaíochta is féidir linn ballraíocht a chur ar ceal nó ar athló láithreach bonn. Bíonn gá le teastas dochtúra/fianaise iomarcaíochta.
Má shíníonn tú conradh le giom EILE (abraímís "12 mí ar a laghad"), tá dualgas ort ballraíocht bliana a íoc formhór an ama. Más mar sin atá, tá an baol ann nach mbeidh tú in ann an conradh a chur ar ceal. D’fhéadfadh seo a bheith amhlaidh fiú má íocann tú diaidh ar ndiaidh nó le dochar díreach. Chomh luath agus a shíníonn tú an conradh tá dualgas dleathach ort íoc as an tréimhse is giorra. Sa chás go n-íoctar an táille ballraíochta iomlán roimh ré tá an baol ann nach bhfaighfeá aisíoc/aisíoc i bpáirt. Tabharfaidh 1escape aisíoc cómhréireach duit ar íocaíocht bhliana. Cé gur féidir stop a chur le dochar díreach aon am, bí aireach nach n-athraíonn san dualgaisí íocaíochta an chonradh.
6. An bhfuil gá le fógra chun ballraíocht a chur ar ceal?
Nuair nach bhfuil conradh 12 mí i gceist iarraimíd fógra 3 mhí chun ballraíocht a chur ar ceal ach amháin i gcás easláinte/iomarcaíochta nuair is féidir stop a chur leis láithreach bonn le cáipéisíocht cuí.
Tá an tréimhse 3 mhí fógraithe go soiléir i ndearg ar thosach an fhoirm iarratais toisc go gcreidimíd gur tairbhe iontach é d'éinne atá ag smaoineamh ar bheith mar bhall de giom.
Pé sprioc corpacmhainne atá agat ba mhaith linn cabhrú leat agus ba mhór againn tú 'bheith mar bhall nua againn sara fada.

